Profile Picture
 

Contact

Brian Titley
403-158 Promenade Drive
Nanaimo, BC, Canada
V9R 6M7

Phone: 250-753-1439
Cell: 403-382-1897
E-mail: brian.titley@uleth.ca
35 The Oaks
Herbert Park Lane
Ballsbridge, Dublin 4, Ireland
D04 V489
Cell: 353-1-838836421

Comments

Name:
Email Address:
Comment:

Tom O'Donoghue

Bail ó Dhia ort, a Bhrian, Do bhaineas an-taithneamh as do leabhar fé na mná rialta – agus mar a thaispeán tú chomh minic is a bhí síad neamh-ríalta. An-ghaisce, a mhic eó. Tá súil agam go gceannóidh mórán daoine é is go ndéanfaidh siad é a phlé chomh maith. Do bhíos i Luimneach roinnt seachtaine ó shin i gColáiste Mhuire Gan Smál ag plé mo leabhair féinig (scrite le Teresa O’Doherty is Judith Harford). Cur síos ar mar a tugadh traenáil is oideachas do mhúinteóri in Éirinn ó 1922 go dtí an lá atá inniu ann. Am éigint i rith na hoíche do rinne mé trácht ar do leabharsa chun scéal a insint fé an chéad lá a shiúil mé isteach go dtí an gcoláiste sin. Seo é an scéal – is gach chuid de fíor: “Ni raibh mé riamh ag freastal ar Choláiste Mhuire gan Smál mar dalta, ach bhí eolas agam faoi ó bhíos im gharsún. Sa bhlian 1973, do thaíng mé go Cathair Luimní tar éis dom níos mó ná bliain amháin a chaitheamh im dhalta i gColáiste Mhuire, Strawberry Hill, i Seana Shasanna. Bhíos im chuid de ghrúpa a bhí scoláireachtaí againn ó Roinn Oideachais na hÉireann, is do bhí orainn teacht thar nais go hÉireann is leanúint len ár gcuid staidéir i gcoláiste nua I Luimneach, Coláiste Tuath Mhumhan. Bhíos, chomh maith le beirt eile de mo chompánaigh, ag áitiúil i dtigh a bhí ag féachaint amach ar O’Connell Avenue; tigh a raibh an teideal Tritonville air (mar atá fós) agus b’í a bhí againn mar bean a’ tigh ná rúnaí don Easpag Newman, Easpag Deoise Luimní ag an am. Cheap an bhean meanaosta crosta sin ná raibh pósta, go raibh sé de dhualgas uirthi súilgéar a choimeád orainn ionnas ná déanfaimiíd aon rud as an slí. Niorbh fhada gur thuigeamar gurbh é an eagla a bhí uirthi ná gó mbeimíst ar thóir cursaí ghnéis. Is minic a ritheann sé liom gur mhór an trua ná raibh an ceart aici. Ní raibh aon mhaitheas dom a bheith ag dul amach go dtí Coláiste Tuath Mhumhan, i bPlassy, chun saol foláin a bhlaiseadh. Bhí an coláiste suite trí mhíle ón chathair is gan aon bus ag dul amach ann. Bhí sé ag cur báistí gach re-lá, mar a bhionn sé fós i Luimneach, is ní raibh sa suíomh ach ‘prefabs’ is bhí an-chuid de shualach thar timpeall orthu. Ach bhí áit ag teastáil uaim ionnas go bhféadfainn staidéir a dhéanamh ann. Ar dtús do bhaineas an-mhaitheas as Teampall (nó Séipéal) Naomh Iosaf, a bhí ar an dtaobh eile den bhothair ón áit a rabhas ag fuireach ann. Bhí sé tirim, bhí sé ciúin, is bhí sé te. Ach tar éis coicíse nó mar sin de, do fuaireas amach cá raibh Coláise Mhuire gan Smál suite. Bhíos cúthalach go leor dul isteach ann mar ba chailíni ba mhó a bhí ag freastal air ag an am, is iad ag tnúth go mbfeidís ina múinteóirí náisiúnta tar éis trí bliana a chaitheamh ag staidéir ann. An rud a bhí ag cur isteach orm ná go raibh sé á rá ag gach einne go mba cóir do dhuine eagla a bheith air roimh na mná rialta a bhí i gceannas orthu. Pé ars’ domhan de, chuaigh mé isteach an geata mór lá amháin nuair ná raibh einne le feiscint thart timpeall. Ansan do chúas isteach an phríomh doras. Aríst, ní raibh einne le feiscint a chuigint. Tar éis tamaillín bhíos ag siúil tríd halla cúng donn agus, t’anam an diabhal, cad a bhí ag a deireadh ach leabharlann bréá compórdach ar an seana stíl. Do shuigh mé síos is níorbh fhada go rabhas i mo sháimhín só ag léamh is ag scríobh. Ach ansan do tháing fear árd féasógach isteach is ba léir ón fógra a bhí ar a chóta gurbh é an leabharlannaí a bhí ann. D’fhéach sé go crosta orm ach níor labhair sé liom. Nuair dhimigh sé amach cheapas go rabhas ar mhuin na muice. Is do bhíos ar feadh deich neomat eile, nó mar sin. Ansin do chúalas fothram taobh thíar díom. Níor árdaigh mé mo cheann go dtí go bhfuaireas poc san uileann. D’fhéachas suas go tobann ansin is cé a bhí ann ach bean ríalta íseal, í aosta go leor, is ba léir go raibh sí searbhasach ón pus muca a bhí uirthi. ‘Caithfidh tusa imeacht as so díreach anois’ adúirt sí liom, go húdarasach. Ós rud é gur labhair sí liom as Gaelainn, rinne mé iarracht plámás a chur uirthi le freagra a thabhairt di i gcanúint na nDéise a fuaireas ó mo mhuintear sa Seana Phobal. Ach, mo léir, ní raibh aon mhaitheas ann. Níor dhein sí ach greim a chur ar mo chlúas lena méara. D’ardaigh sí suas as an suíochán mé. Mháirseál sí amach as an leabharalann mé, amach tríd an halla, is amach an príomh doras. Is níor scaoil sí saor óna méara mé go dtí an neomat sin. Agus, nuair a bhí sí ag brú ar an doras i mo dhiaidh b’é adúirt sí liom ná : ‘Imigh as so anois is ná tar ar ais go deó, mar níl uait ach amháin a bheith ag féachaint ar na caillíni. Bhfuel, tá me ag obair le siceolaithe adéarfadh go mbfhéidir go raibh an ceart aici, pé ná raibh an inspreagadh sin go hárd im mheón ag an am. Má sea, ‘a Shiúr, pé áit a bhfuilid – is dhéarfainn gur ar neamh athá tú - níl le rá agam anois leat, ach mar adúirt an púca, Casper – Casper the Ghost – ag deireadd an scannáin – táimse thar nais – I’m Back’.

2018-02-16 15:00:38 | 130.95.92.130